Dúirt saoi gur cheart don daonra a bheith bródúil as An teanga ‘tá á scriosadh ag pobal agus rialtas Déan deifir leis an séanadh iarrachta a rinneas Ag cur cos suas, pobal ar aonfhocal, teip na bliana An bhfeictear nach bhfuil tada á dhéanamh? Seachas airgead a chaitheamh ar bhréag tíre foirfe Náire ar pháistí as labhairt as a dteanga fhéin A bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile Cothaigh an t-ainmhí atá fós allta, sula dtiteann an brat le tumadh i gcéin Airím uaim an tSean-Éire a bhíodh ann fadó, féile ghaiscígh le béim gan scéim Teanga na laoch timpeall an ríochta gaelaigh Neamhaird á dhéanamh ag daoine i riar, iad siúd ‘bheith i gceannas lom laithreach Ag cúntas a gcuid phá, “is cuma breathnú siar!” (Oh!) Is ait an mac an saol é rogha teanga na nGael, ár nglór dúchasach atá curtha i mbaol Bíonn bua ag an mBéarla i ngach aon scéal, droch-rogha s'againne i ngaol, pobal maol … Ní theastaíonn uaim ach an deireadh insan ghráin, ionas go bhfeice mé easpa mar shéanadh fiáin Go stadaimis an modh cainte mar shuan babhdáin, easpa saoire mar ghabhdán As go brách mar thaibhreamh go mbeadh úsáid síoraí ann Saoirse Faoin bhforlámhas mar aontas cuar Ní theastaíonn uaim ach an drochchás a dheisiú Daoirse As a bheith cneasta mar an té úr Beir leat ‘rais go dtí Gaeltacht fad aniar Faoin tu(ath) ‘cur i gcéill gur Ghalltacht í Inis go deo gur neamhbhásmhar í Éire seachas léi a cuid chultúir Beag insan beann, ‘sé tús úr mangach i ndáil. Fiáin. Saol idéalaíoch mar a bhíodh sé slán Síor-aistir, síor-stair imir mar loinnir Radharc teibí sa linn, ‘sinne guth mór glinn Cumhacht na saoi fanta, caithfimid aisdul le meon go dtí aga i dtús báire An staid le h-athrú, inghlactha chun an meon ‘s fad a mhalartú ‘sféidir linn éalú ón mbos féilíne(ach), tréan ionainn fós le coilm ann teacht abhús le gáire Tá's'ad, ‘sé lá fliuch amháin ar imeall i rithim, as go brách go deo beidh an lá suite linn Ní géilleadh ón gcath insan tír, táimid measctha le h-aoi-eorpaigh ag daoine i riar Lámh i láimh táimid tréan le cultúr féine, tá an t-éan ag éirí go h-ard ó chairn luaithe uainne Is ait an mac an saol é rogha teanga na nGael, ár nglór dúchasach atá curtha i mbaol Bíonn bua ag an mBéarla i ngach aon scéal, droch-rogha s'againne i ngaol, pobal maol … Ní theastaíonn uaim ach an deireadh insan ghráin, ionas go bhfeice mé easpa mar shéanadh fiáin Go stadaimis an modh cainte mar shuan babhdáin, easpa saoire mar ghabhdán As go brách mar thaibhreamh go mbeadh úsáid síoraí ann Saoirse Faoin bhforlámhas mar aontas cuar Ní theastaíonn uaim ach an drochchás a dheisiú Daoirse As a bheith cneasta mar an té úr Beir leat ‘rais go dtí Gaeltacht fad aniar Faoin tu(ath) ‘cur i gcéill gur Ghalltacht í Inis go deo gur neamhbhásmhar í Éire seachas léi a cuid chultúir As go brách mar thaibhreamh go mbeadh úsáid síoraí ann Saoirse Faoin bhforlámhas mar aontas cuar Ní theastaíonn uaim ach an drochchás a dheisiú Daoirse As a bheith cneasta mar an té úr Beir leat ‘rais go dtí Gaeltacht fad aniar Faoin tu(ath) ‘cur i gcéill gur Ghalltacht í Inis go deo gur neamhbhásmhar í Éire seachas léi a cuid chultúir