Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh ‘n féar, Tiocfaidh an duillear ghlas ar bharr na gcraobh, Tiocfaidh mo rún-searc le beannú an lae, Agus buailfaidh sí tiúin suas le chumhaidh 'mo dhiaidh Is óg 's is óg a chuir mé dúil i ngreann, Dhéanainn súgradh le rún ar faill, Níl baile cuain ar bith a ngluaisfainn ann, Nach bhfaigheann maighdeán óg-dheas a thrialladh liom Splóid ar an fharraige ná is í atá mór Is í atá a gabhail idir mé is mo mhíle stór D'fhag sí ar an bhaile seo mé a déanamh bróin Is gan aon súil lena feiceál arís níos mó Scairt mé aréir ag a doras thall, Scairt mé arís ar mo rún go teann, Sé dúirt a daidí liom nach raibh sí ann, Ná gur éalaigh sí ‘réir leis an buachaill fionn