Orla Fallon - Cad E Sin Don Te Sin lyrics

Published

0 286 0

Orla Fallon - Cad E Sin Don Te Sin lyrics

Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó? Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó? Má théim 'na choilleadh chraobhaigh 'cruinniú sméara nó cnó A baint ullaí do ghéaga nó a buachailleacht bó Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó? Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó? Má théimse chuig airnéal 's rince 's spórt Chuig aonaigh nó rásaí, 's gach cruinniú den tseoirt Má bhíonn daoine súgach, 's má bhím súgach leo Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó? Má bhíonn daoine súgach, 's má bhím súgach leo Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó? Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh Gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór Ach má tá mise sásta mo chónaí i gcró Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó? Má tá mise sásta mo chónaí i gcró Ó cad é sinn don te sin nach mbaineann sin dó?

You need to sign in for commenting.
No comments yet.