Seo hí d'iontaoibh curtha i gcrích, sochaí mar bheart, níos fearr ná thú
Uaim ‘sí uile fanta, leideanna ama, a leithéid “earr searbh”, inis dom fiú
Fuaim na teipe ‘sea soinéad rithime, ceapadh brionglóide ar shlí réamhfhanta
Go dtaga tada, go gceada aga, go leana ar aghaidh ag brú oll-stuaice
An dtuigim? Amadán ceart aineolais! Óinseach-beart, dorn teipe sa scairt
Dom i mbun ga nimhiúil mar scairp, screadaíl “scaird!” mar an bealach ceart
Adhair an brón, i micreafón, céim i gcéim ar ladhair-bhrat
I rún i ndún, gan fhios duit fiú, ceansú i gcionn i ngéim le slat
Ingní á n-adhlacadh, breathnú go binn … sreabhadh boinn i gcroí an tsaoi
Luí os cionn an tsaoi, cur i gcéill le croí, dallamullóg aoi, oll-teip an rí
Teannas mar chorraíl, dú-pholl, seil(e) i ngluaisne fast flow
Ní laochra sibh a fheara, cruinn insan cumadh, ag gníomhú díreach mar dhú-rún
Ní féidir éalú ó thoradh éada, iomarbhá sáite i dté mar shuan
Is luan é an dú-rún, aistriú ó shaol ar fhód báite, leis an gcliseadh buan
Ag tarchéimniú le bheith i rí na bhfód, seachadh foinn leis an duán fiáin
Bádh mé im smaointe fhéin le titim an bhrait, ar ais leis an gcliseadh bán
Tumadh i gcéin i ngaiste, aiste le haiste ag feidhmiú díreach mar laiste
Caint an-iomarca, treisíonn míolra, díchriptiú tomhais, dícháiliú saoire
Lustráil droinge, tobar ní'b'dhoimhne a chara-tada ní'b'ghaire
Bréag é “géilleadh”, bréag é “cairde”, ní b'fhiú é creidiú é meon an duine