Os cionn na foraoise fanta go buan ar feadh aga i stoirm-sneachta cídh
Fána gaoithe - lonrú - lapa sprúis i mbun deirge
Ualach mór - sneachta plúchta, sleabhcadh omóis nó feirge
Cuma ceo i bhfad níos seirbhe, ‘dul in éag le crá na gréine (gréine, gréine)
I dtreo stuaice - “Éire”
Teochtanna fo-náid ar an bpíosa darb ainm Phangaea
Agus spreagann té éigin saghas ruda mar snas-bhlas
Tit de thapaigean, rochtain an gheimhridh - saighdiúirí SS
‘N-áiteanna d'uaibhreachas ‘tá ag rugadh leo -
Dorais, foirgnimh cranda tréigthe dá mháistrí ro(imhe)
Clós-róis le goin fholamh, rois piléar i solas reo(ite)
Teacht i dtír ar a chéile anseo, gafa go dtí an ifreann leo
Díoscán gruama trí dhoras na h-uaimhe
Taisme rua an tslua, fiailí á bhfás i méid díreach mar bhua
In aghaidh do mhullaigh, níl ann deireadh sona a chaith(eadh)
Ar leantaoibh, a cheannaí, gan rian a bheidh áit seo im(ith)e
I ndearmad ón uair rompu - cuimhní atá á dtréigean leis
Im fho-radharc, tuirsigh atá á gcosaint acu i gceo sa bhreis
Gastacht le breathnú ‘rais, sleasán mar mheon - “a n-oll-threis(e)”
Ach sé ifreann a mbailte, go bhfuil an loinnir reoite - bris!
I measc an luaith thar-fhásta, dorchadas linne ina n-aonar a bhfuil
A lonrú mar scáil, in oíche díreach mar síorchiardhubh anoir
Guail dhorcha ar lámha ar a bhfuil ...
Roinnt fhola réamh-dhoirte ann, anseo i gcairn go deo na ndeor go bhfuil muidne inár n-aonar
Claíomh i gcroí amh - atá an t-am ag áireamh siar glas
Tanú leis an gceo a bhfuil ag priocadh ar rianta deor bás
Fuacht mharfach - nuacht ársa -
Sreabhadh i nDothra i ndroch-bhlas
Le súile a chaith an t-oighear siar
Frithchaitheamh linne thar n'ais agus
Caoiníonn na crainn mar a rinneas cheanna go minic insan tsúil
A ngainní sioctha ag iarraidh nasc a dhéanamh i ndorcha(das) smúitiúil agus
Im'amharc doiléir éiginnte sa tslí m'ama, sin é nimhiúil
I dtaobh gan deora ann chun buaileadh le chéile go h-apacrafúil agus
Níl tada ann, súile á n-amharc go leathan - áit ar bith
A thagaim go minic - leanadh ‘mbun i bhfeoil brí-scoith
Súile á n-amharc go leathan, gar n'aithne don bhrí-chith
Uisce calma in oíche óg, bádh m'fhocail i dtost … a' crith
Réaltaí ‘scaladh gealaí síos thart i ndú-chosmas
Breathnú pláinéad i ndú-dhoinsea(cht) díreach mar a bhfuil sé ina h-iostas
Neamhaí i gcliatha fís - tada ach mo chroí atá trom le costas
Eisint - atmaisféar dian, fanacht ar ascaill lag iontas
Cealgadh suilt ag bun i bpoll - file darb ainm “múr”
Tobar i ngéibheann sáinnithe i sauna lom áit a bhfuil sé nuar
Drúis is saint tagtha ‘rais i ndreach scáfar faoi cheilt úr
Ag beir greim(e) ar ráill(e) i gcónaí, dromchla a bheas síor-fhuar
Tarraing anáil amuigh, féach gal casta sníthe(ach) - púca
Imeall oighir gan eagla, teacht i dtreo imní-duga
Ag tumadh san oíche in uisc(e) a bhfuil goimh, a bádh mé ionam
Leis an bhfeall; cúngú gág na smál, rud a bheas síoraí dom á chuardú