Chonaic mé umam sa láib - sméideadh i bhfad ann i lochán ráib
Ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá
Histéirigh - gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá
Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá
Drúis is ea rud nimhiúil a ghrá -
Níl a fhios a'am, mórchóir a bhí ionaim nárb ea?
Ní ghráim a thuilleadh radachur im chomhluadar ‘mhuise i bhfulaingt chille
X-gha a léirigh an t-údar, scar a shrac díreach mar phúdar
I bhfios nár chailleadh tada ina sheasamh ar an mór-dhóchas
Mungail-chogain i súil i ndeoir - cnúdánaí darb ainm “éad-fócas”
Más sin é sinn, sa diabhal é linn? Am caite i ndímheas
Fuil ar láimh, bogaimis cré in uaigh tháimh
Geallaim leanúint i ndáiríre, téarnamh trí fhuacht an gheimhridh
Réimse athshondais i do shúile le deoir, bain leacht de ‘son mo shaoire
Ní féidir liom d'armacas a mhothú san aimliú-bháisteach
“An maithfidh tú dom é?” - ceann na gcinn ar phléisiúir bhaolach
Má tá orm an t-anam a shrac den chorp i bhfostú cuimhne seo
Má chaithim díom mo chroí chuig bos do chosa ón gcruth
Táim i m'aindiach sa séipéal le greim rugtha ar tua feasta
Ó mhaidneachan an té ‘bé mo shaol ann leis an mbean feasa
Má fhanaim marbh ar an gclár gearrtha le mothú imní ar a bhfuil
Rian na ndeor clúdaithe ann le sneachta i muileann impí
Chonaic mé umam sa láib - sméideadh i bhfad ann i lochán ráib
Ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá
Histéirigh - gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá
Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá
Chonaic mé umam sa láib - sméideadh i bhfad ann i lochán ráib
Ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá
Histéirigh - gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá
Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá
Á bhrú ar do chineáltas - ‘s feicim é - an peannaire bréag
Seachas fanacht le toitín ar an mbalcón - ‘bé sin é
I m'aonar anseo le gealach ‘s iomaí réalta
Grá? Lean ort i bhfad, ní féidir liom sin é a thuilleadh
Lig dom mo chrá a éalú, tríd an bhfuinneoig
Uilig a thabhairt? Dul in éag mar a bheas sé ina shean-duilleog
Réamh-chreachadh m'anam san eangach theibí - fós fanaim
Ach tcím tríd an tine taibhse á nochtadh thall insan anam
Fear maoithneach, monogamach ionam - tá brón orm
Gaiscíoch aonair ag seasamh - imní - le srón ghorm
Gach aon téacs a léamhas a bhí ina chéasadh
Agus mo spéir ag caoineadh, an diagnóis ar fad a bhí ar fad doshéanta
Déanaim uilig nach bhfaca an seomra im shúile gruama
Ag rith uaim i dtromluí lena dtaibhrimh síoraí i screadaíl fuaime
Réimse athshondais nuair a chonaic mise deoir i do shúile
Buille croí - bás nó beatha deirim é - “absit invidia”!